Smaragaid
Is geamchloch agus cineál beirile (Be3Al2(SiO3)6) í smaragaid, ar dhath glas mar gheall ar cróimiam, nó, uaireanta, vanaidiam inti. Tá cruas 7.5-8 ag beiril ar scála Mohs, agus meastar go bhfuil sé éasca smaragaidí a bhriseadh mar gheall ar ábhar iniata iontu.
| Aicmiú | |
|---|---|
| Catagóir | Mianra |
| Airíonna | |
| Criostalchóras | hexagonal crystal system (en) |
| Cruas Mohs | 7.6 |
| Dath an stríocáin | bán |
Sanasaíocht
cuir in eagarDath
cuir in eagarSa tseoideolaíocht, roinntear an dath ina thrí chomhpháirt: lí, sáithiú agus ton. Is féidir le smaragaid beidh i lí ó buí-ghlas go gorm-ghlas, is é an glas príomhlí na smaragaidí, is iad buí agus gorm na líocha tánaisteacha a fhaightear i smaragaidí. Is iad na seoda a bhfuil cuma ghlas measartha dorcha orthu atá tomhaiste mar smaragaidí. Rangaítear seoda a bhfuil cuma ghealghlas orthu mar bheiril ghlas in ionad smaragaide.
Tíortha ag táirgeadh smaragaidí
cuir in eagarIs é an Cholóim an tír a tháirgeann an chuid is mó de smaragaidí thar an domhain, le 50-95% ag teacht ón Cholóim. Is iad Muzo, Coscuez, and Chivor na príomháiteanna sa Cholóim a bhíonn ag mianadóireacht smaragaid.

Áiteanna eile a bhíonn ag mianadóireacht smaragaid ná an Bhrasaíl, an Rúis, an Afganastáin, an Phacastáin, Madagascar, an tSaimbia, agus an tSiombáib.