Romanaithe
Is grúpa eitneach Eorpach iad na Romanaithe.[1][2] Is í an Romainis a bpríomhtheanga. Thugtaí Romaigh orthu i nGaeilge freisin.[3]
| Cineál | grúpa eitneach agus lucht siúil san Eoraip |
|---|---|
| Daonra iomlán | 4,373,000 |
| Teanga | an Romainis, Domari (en) |
| Creideamh | an Chríostaíocht, Ioslam, an Búdachas agus an Giúdachas |
| Eapainm | Arameans (en) |
Léiríonn an fhianaise theangeolaíoch agus ghéiniteach gur ó fhó-ilchríoch na hIndia a tháinig na Romanaithe ar dtús. Tá siad scaipthe ar fud na hEorpa agus iarthar na hÁise anois ó d'imigh siad siar thart ar an 14ú haois, agus rinne cuid acu imirce go Críocha Mheiriceá ón 19ú haois i leith. (Cé go meastar go bhfuil 619,007–2,500,000[4] Romanaí ina gcónaí sa Rómáin, an dara daonra is mó díobh san Eoraip, ní ón tír sin a thagas a n-ainm).
Is minic a dhéantar na Romanaithe a mheascadh suas le lucht siúil na hÉireann agus leis an bpobal Iéineach, grúpaí eitneacha atá éagsúil leis na Romanaithe.


Ainm
cuir in eagarRom an focal ar "fear céile" sa teanga Romainise, agus úsáidtear é, agus an leagan iolra, Roma, go forleathan anois le cur síos a dhéanamh ar an gcine ar fad.
Géarleanúint
cuir in eagarAr cheann de na géarleanúintí ba mhó a dhéantaí in aghaidh na Romanaithe ná sclábhaithe a dhéanamh díobh, agus níor saoradh cuid díobh sa gceantar ina bhfuil an Rómáin anois go dtí an 19ú haois. Nuair a thosaíodar á scaipeadh féin ar fud na hEorpa sa 15ú haois go háirithe, measadh gur spiairí de chuid na nOtamánach a bhí iontu. Déanadh iarrachtaí glanadh eitneach a dhéanamh orthu go dtí le fíordhéanaí. Mar shampla, tharla "Locadh Mór na Romanaithe" sa Spáinn i 1749, agus maraíodh idir 250,000 agus 1.5 milliún díobh san Uileloscadh.
Léirithe sna meáin
cuir in eagarPléitear cúinsí na Romanaithe agus an Lucht Siúil maille le cásanna nach iad san úrscéal iar-apacailipteach An Dara Rogha le Celia de Fréine.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “Romani — Aistriúchán Gaeilge ar Romani (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-09-19.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): Romanaí” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-19.
- ↑ ““Romach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-19.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Claire Dunne (Meitheamh 2025). "Glór an Mhionlaigh". Comhar 85 (6): lgh 10–11.