Montsarat
Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe is ea Montsarat.[1] atá suite in Oileáin na Fothana in aice le hAntigua i Muir Chairib
| Montserrat (en) | |||||
|
|||||
| Aintiún | God Save the King | ||||
| Mana | «A people of excellence, moulded by nature, nurtured by God» | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
| Designation for an administrative territorial entity of a single country (en) | Críocha Briotanacha Thar Lear | ||||
| Príomhchathair | Plymouth agus Brades | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 5,440 (2023) | ||||
| • Dlús | 53.33 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | Béarla | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Oileáin na Fothana na Mion-Aintillí Muir Chairib | ||||
| Achar dromchla | 102 km² | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | West Indies Federation (en) | ||||
| Cruthú | 1632 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Cabinet of Monteserrat (en) | ||||
| Comhlacht reachtach | Comhthionól Reachtaíochta Mhontsarat | ||||
| • Gobharnóir Mhontsarat | Andrew Pearce (en) | ||||
| • Taoiseach Mhontsarat | Reuben Meade (en) | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| Airgeadra | dollar na Cairibe Thoir | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .ms | ||||
| Glaochód | +1664 | ||||
| Cód tíre | MS | ||||
Ba é Plymouth an phríomhchathair roimh bhrúchtadh bolcánach Chnoc Soufrière sa bhliain 1995. Tá an rialtas suite in Brades anois ar an taobh thuaidh den oileán.





Stair
cuir in eagarTugadh Alliouagana ar Mhontsarat sa teanga dhúchasach, Kalinago, ainm a chiallaíonn ‘Tír an Toim Dheilgnigh’. Críostóir Colambas a thug an t-ainm ‘Santa María de Montserrate’ air in 1493.[2]
Áitríodh Montsarat le Caitlicigh Éireannacha in 1632 nuair a sheol an Gobharnóir Thomas Warner iad ansin ó San Críostóir, oileán sna hIndiacha Thiar. Faoi lár na haoise, bhí na Gaeil ina dtromlach ar an oileán. I ndiaidh bhua Chromail in Éirinn, díbríodh 10,000 Caitliceach go dtí na hIndiacha Thiar, go príomha ó Dhroichead Átha, Corcaigh, agus Cill Chainnigh. Faoi 1678, Éireannaigh a bhí i 70% de na lonnaitheoirí.
Cuireadh an tromlach acu faoi dhintiúr ar phlandálacha tobac. Is í an fhírinne shearbh í gurbh úinéirí sclábhaithe iad go leor lonnaitheoirí Éireannacha freisin áfach. Bhí siad dian agus cruachroíoch, ag bagairt phionós an bháis agus teascadh ar na seirbhísigh faoi dhintiúr. Bhunaigh roinnt clanna Angla-Éireannacha plandálacha siúcra, ag brath ar Afracaigh faoi dhaoirse. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht, faoi dheireadh, in 1833.[2]
20ú haois
cuir in eagarTá an t-oileán tar éis dul i ngleic lena sháith de chruachás. In 1989, bhuail Hairicín Hugo an t-oileán. In 1997, bhrúcht an bolcán, Cnoc Soufrière, agus scrios sé leath an oileáin, an phríomhchathair Plymouth san áireamh. Cailleadh 19 duine. Tá méadú ag teacht ar achar talaimh an oileáin fós mar gheall ar oibriú bolcánach.
Lean eisimirce na sluaite dá bharr, géaraithe le tairiscint na dticéad aonbhealaigh ón mBreatain. Tá an zón eisiamh sa deisceart anois oiriúnach d’eitiltí turasóireachta amháin, tránna gainimh dhuibh, agus an chathair mhillte a dtugtar ‘Pompeii’ uirthi inniu.[2]
An Ghaeilge
cuir in eagarInniu, is iad na príomhtheangacha ar Mhontsarat ná Béarla agus Criól Mhontsarat; is é an t-oileán ceann de choilíneachtaí deireanacha na Breataine. Ach bhí an Ghaeilge faoi bhláth sna 1700idí. Lean sí uirthi go dtí tús an fichiú haois i measc daoine gorma agus daoine geala araon. Thug Mícheál D. Ó hUigínn cuairt ar an oileán sa 20ú haois chun na ‘Gaeil Ghorma’ a chomóradh.
Tá blúiríní beaga le cloisteáil fós. Is ó ‘bainne clábair’ a thagann an focal ‘banikleva’ (uachtar géar), agus is ó ‘minseach’ a thagann an focal ‘mensha’ (gabhar).
Tá tionchar ag an gceol traidisiúnta Gaelach agus ag an sean-nós ar cheol an oileáin, agus roinneann an mhias náisiúnta – ‘uisce gabhair’ – a fhréamhacha le stobhach Gaelach.[2]
Tionchar na hÉireann
cuir in eagarLéiríonn go leor siombailí ar Mhontsarat a oidhreacht Ghaelach. Tá an bandia Ériu ar an mbrat, ag caitheamh gúna glas agus cruit á hiompar aici. Is é an suaitheantas náisiúnta ná an tseamróg, siombail atá ar a stampaí pas.Tá sloinnte ar nós Farrell, Ryan, agus Sweeney coitianta, agus tá sráidbhailte ann darb ainm Kinsale, St. Patrick’s, agus Cork Hill.
Tá Lá Fhéile Pádraig ina lá saoire poiblí ann fós. Is ceiliúradh bríomhar ilghnéitheach é Lá Fhéile Pádraig ar Mhontsarat. Ní thugann sé onóir do chultúr Gaelach an oileáin amháin, déanann sé comóradh ar Éirí Amach 1768 i gcoinne úinéirí sclábhaithe Angla-Éireannacha. Cuirtear tús leis an lá le ‘rás saoirse’, ag ceiliúradh an reibiliúin a raibh Cudjoe i gceannas air. Maisítear an t-oileán le seamróga agus óltar Guinness. Measctar tionchair Ghaelacha agus Afracacha i ndamhsa traidisiúnta na háite, agus líonann ceol soca agus calypso an t-aer. Mar is cuí, tugtar ‘Díoltas an Leipreacháin’ ar an bhféasta oíche faoi na réaltaí.[2]
Geilleagar
cuir in eagarTá an t-oileán fós ag brath ar an mBreatain ó thaobh na heacnamaíochta de. Tá siad ag obair ar fhuinneamh geoiteirmeach a tháirgeadh, áfach, a chomhlíonann a leasainm glas. Meallann an nasc Éireannach turasóireacht ó Ghael-Mheiriceánaigh freisin.
In 1979, osclaíodh stiúideo le Associated Independent Recording in Salem le George Martin, an “cúigiú Beatle”. D’óstáil sé seisiúin de chuid Elton John, Paul McCartney, The Rolling Stones, agus Eric Clapton. Thaifead The Police an físeán ceoil le haghaidh ‘Every Little Thing She Does Is Magic’ ar an oileán freisin.
D’oibrigh Martin gan stad gan staonadh chun tacú le hobair fóirithinte, ag eagrú ceolchoirmeacha carthanachta agus ag díol eagrán teoranta de liteagraif de chuid The Beatles.[2]
Chan Arrow, ceoltóir ó Mhontsarat, amhrán oifigiúil Chorn an Domhain in 1986 agus taifeadadh an rian in AIR. Tá an stiúideo anois ina fhothrach, slogtha ag an dufair.
Spórt
cuir in eagarD’fhill Montsarat ar aird dhomhanda in 2002 nuair a d’imir an t-oileán cluiche sacair i gcoinne na Bútáine sa ‘Cluiche Ceannais Eile’. Imríodh an cluiche seo idir an dá fhoireann is measa ar domhan ar an lá céanna le cluiche ceannais Chorn an Domhain. In ainneoin a dhaonra bhig, is as an oileán a thagann duine a bhuaigh Gradam Turner, beirt imreoirí a d’imir sa Phríomhshraith, agus cruicéadaí na nIndiacha Thiar.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar| Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |