Dairteanna
Is é atá i gceist le dairteanna ná cluiche comórtais ina gcaitear dairteanna ar targaid chiorclach ar a dtugtar clár dairteanna. Is iomaí leagan den chluiche a imrítear agus a imríodh ar fud na cruinne, ach sa lá atá inniu ann glactar leis gur ionann dairteanna agus cluiche áirithe amháin le rialacha agus clár dairteanna ar leith.
| Cineál | throwing sport (en) |
|---|---|
| Údarás spóirt | World Darts Federation (en) |

Spórt gairmiúil atá ann, ach imrítear go rialta é mar chaitheamh aimsire sna tithe tábhairne i go leor tíortha éagsúla - an Ríocht Aontaithe agus an Comhlathas Briotanach go ginearálta, an Ísiltír, Éire, Críoch Lochlann, na Stáit Aontaithe agus An Ghearmáin.