Dúlra
Is é dúlra, nó nádúr, sa chiall is leithne, an domhan fisiceach nó cruinne. Is féidir le "dúlra" tagairt a dhéanamh d'fheiniméin an domhain fhisiciúil, agus freisin don saol i gcoitinne. Is cuid mhór, murab é an t-aon chuid, den eolaíocht é staidéar an dúlra. Cé gur cuid den dúlra iad daoine, is minic a thuigtear gníomhaíocht dhaonna mar chatagóir ar leith ó fheiniméin nádúrtha eile.[1]
