Cath Edessa
In AD 260 troideadh Cath Edessa idir Impireacht na Róimhe agus Impireacht Sasánach (na nIaránach) faoi riail Shapur I. Bhí an cath seo ar cheann de na himeachtaí ba thábhachtaí sa 3ú haois agus thosaigh cumhacht Impireacht na Róimhe ag meath nuair a cloíodh í.[1]
| ||||
| Cineál | cath | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Shapur I's Syrio-Mesopotamian campaign (en) | |||
| Dáta na bliana | 260 (earrach) | |||
| Suíomh | Edessa, An Tuirc | |||
| Tír | an Tuirc | |||
| Rannpháirtí | ||||


An Cath
cuir in eagarBhí Impire na Róimhe, Valerian, i gceannas ar an arm Rómhánach. Bhí sé ag iarraidh smacht na Róimhe a chur ar theorainn thoir na himpireachta. Ag an am céanna, theastaigh ó Shapur I, rí cumhachtach na Sasánach, stad a chur le leathnú na Róimhe sa réigiún.
Nuair a bhuail an dá arm le chéile gar do chathair Edessa, atá suite sa Tuirc sa lá atá inniu ann, bhí fadhbanna ag arm na Róimhe cheana féin. Bhí galar agus easpa soláthairtí ag cur isteach orthu. Bhain Shapur I leas as an laige seo.
Sa deireadh, bhuaigh na Sasánaigh an cath. Gabhadh an tImpire Valerian, rud a bhí thar a bheith náireach don Róimh mar ba é seo an chéad uair riamh a ghabh namhaid impire Rómhánach ina bheo.
Níl a fhios againn céard a tharla do Valerian. Tá go leor scéalta ag baint leis. Mar shampla deirtear uaireanta gur bhain an Rí Shapur úsáid as a phríosúnach Valerian mar stól coise chun dul suas ar a chapall chun Impireacht na Róimhe a náiriú sular chuir sé Valerian chun báis trína chraiceann a bhaint de (agus fiú balún a dhéanamh as).[1] Ach b'fhéidir gur scaip Críostaithe an miotas seo níos déanaí.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- 1 2 Cathal Ó Murchú (2026-04-17). "Léamhthuiscint: Cath Edessa in 260AD" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-04-17.