Bostún, Massachusetts
Is cathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá é Bostún (Béarla: Boston). Is é an chathair is mó i Massachusetts agus príomhchathair de; is é príomhchathair neamhoifigiúil an réigiúin Sasana Nua fosta.[1]
- Baineann an t-alt seo leis an gcathair Mheiriceánach. Má tá suim agat sa mbaile in Lincolnshire, Sasana, féach Boston, Lincolnshire.
Tá sé ar cheann de na cathracha is sine agus is saibhre sa tír. Ní ionadh, mar sin, gur áit thábhachtach é Bostún ó thaobh cúrsaí cultúrtha agus staire. Mar shampla, ba i mBostún a tharla cuid mhaith móreachtraí de Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá: Sléacht Bhostúin, Cóisir Tae Bhostúin, Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin.
Tá an chathair fhéin suite i lár Mhórcheantar Bhostúin (Greater Boston), i measc na gcathracha Cambridge, Brookline, Quincy agus Newton. I mBéarla, tugtar an t-ainm Bostonians ar dhaoine na cathrach.

Spórt
cuir in eagarImríonn an fhoireann phroifisiúnta cispheile Boston Celtics agus an fhoireann phroifisiúnta daorchluiche na Red Sox i mBostún.

Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Máirtín Ó Catháin (27 Lúnasa 2025). "Baol ann go ruaigfear Éireannaigh as Boston" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-31.
| Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |