An Chóisis
Ceann de theangacha oifigiúla na hAfraice Theas is ea an teanga Xhosa nó an Chóisis. Tá sí ó dhúchas ag 7.9 milliúin duine, thart ar 18% de dhaonra na tíre sin. Ceann de na teangacha Bantúcha í, ach fuair sí na smeach-chonsain ar iasacht ó na teangacha Khoisan, nach bhfuil gaolmhar léi. Tá consan den chineál seo i dtús ainm na teanga féin: [kǁʰoːsa]. Cosúil lena lán teangacha Bantúcha eile, is teanga thonúil í an teanga Xhosa, is é sin, is féidir athchiall an fhocail a chur in iúl trí mhalairt ton a chur leis. Baineann sí leis an bhfoghrúpa Bantúch ar a dtugtar Nguni, agus í intuigthe ag cainteoirí na dteangacha Nguni eile, cosúil leis an tSúlúis, an teanga Swati agus an teanga Ndebele Thuaidh.
| isiXhosa agus IsiXhosa | |
|---|---|
| Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 8,177,300 (2011) |
| Dúchasach do | Xhosa people (en) |
| Stáit | an Afraic Theas, an tSiombáib agus Leosóta |
| Comhordanáidí | 32° S, 28° E / 32°S,28°E |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Nígir-Congó teangacha Atlantach-Congó teangacha Volta-Congó teangacha Benue-Congó teangacha Bantóideacha teangacha Bantóideacha Deisceartacha teangacha Bantúcha Southern Bantu (en) Nguni (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
| Institiúid caighdeánaithe | Pan South African Language Board (en) |
| Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
| Cóid | |
| ISO 639-1 | xh |
| ISO 639-2 | xho |
| ISO 639-3 | xho |
| Glottolog | xhos1239 |
| Linguasphere | 99-AUT-fa |
| Ethnologue | xho |
| ASCL | 9237 |
| IETF | xh |
Le bheith beacht, ní thagraíonn an focal sin Xhosa don teanga amháin ach do lucht a labhartha freisin. Úsáideann an teanga Xhosa le córas réimíreanna le cur in iúl cé acu atá i gceist: ciallaíonn amaXhosa lucht labhartha na teanga, ach is í isiXhosa ainm na teanga féin. Cuid é seo den chóras aicmiúcháin a bhfuil a leithéid le fáil sna teangacha Bantúcha go léir.
Tháinig an chéad aistriúchán Bíobla i gcló as Xhosa sa bhliain 1859, agus ó sin i leith, d'fhorbair litríocht bheo nua-aimseartha sa teanga. Mar sin féin, is féidir a rá nach bhfuil mórán measa ag lucht a labhartha féin uirthi inniu, nó i laethanta na cinedheighilte, chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na dteangacha dúchasacha leis an mBéarla, an saol mór agus an t-ardoideachas a choinneáil as aice láimhe na nGormach. Inniu, is fearr le lucht labhartha na teanga Xhosa an t-ardoideachas a tharraingt orthu trí mheán an Bhéarla.
Cainteoirí aithnidiúla dúchais iad Nelson Mandela agus Miriam Makeba.
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar| Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |