Albus Dumbledore
Draíodóir ficseanúil, a chruthaigh an scríbhneoir Sasanach, J. K. Rowling, is ea Albus Percival Wulfric Brian Dumbledore. Is é príomhoide ar Scoil Chomhoideachais Draíodóireachta Hogwarts é, sa tsraith scéalta faoi Harry Potter. Dumbledore a bhunaigh agus a bhí i gceannas ar Ord an Fhéinics, eagraíocht a throid i gcoinne Voldemort.
Dúirt J. K. Rowling sa bhliain 2007 gur smaoinigh sí i gcónaí ar Dumbledore mar homaighnéasach, agus gur thit sé i ngrá, tráth, le Gellert Grindelwald, carachtar eile, ach go raibh an eachtra sin críochnaithe roimh na scéalta sa tsraith.